Tuesday, September 07, 2004

Abáir Amhrán, Agus Sam á Seilig ag an gContae Mhaigh Eo

Ar mo dhuiseacht ar an ndeireadh seachtaine, agus An Spailpín ar ais in a áit dhúchais, chuala mé mo chéad amhrán Mhaigh Eo don feachtas seo. Bhí an amhrán bunaithe ar an seanamhrán Méiriceanach, Jesse James, agus b'uafásach an céirnín é, gan dabht. Ach ag an am chéanna, chuir sé drithlíní tríom, go bhfuil Maigh Eo ar thaobh an Chraobh arís.

Smaoinigh mé ar na hamhráin eile a chualamar agus Maigh Eo í gCluiche Ceannais na hÉireann - síos i mo óige ins an Hothouse (bhítí an-té cinnte ins an teach chéana) í mbaile beag bocht í Muigh Eo, agus Up Mayo le Doc Carroll á seinnt acu trí nó ceithre uair san oiche. Mise fluich leis an teas agus an beoir, agus ag crith le neart na h-óige agus blás Mhaigh Eo.

Is ea Sam Maguire's Coming Home to Mayo an amhrán is cáiliúil ó Maigh Eo agus Maigh Eo ag imirt peile í Mean Fomhair. Níl morán meas ag an lucht mhór ar an amhrán sin, ach cuireann an céirnín sin cumhneacht orm ar an ndóchas a bhí le Tom Tom Byrne agus linn go léir í Maigh Eo í mBliain an Tiarna míle naoí gcéad nocha a sé. Ach an amhrán peile Mhaigh Eo is ansa liomsa is é an amhrán gan morán clú nó cail air - ba ea Up Mayo, amhrán a taifiú in aghaidh an ailse i 1997, agus Maigh Eo in aghaidh Ciarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann. 'Sé Up Mayo an amhrán spóirtiúl leis an méid is mó filíocht a chuala mé riamh - cén sliocht filíocht eile a insíonn níos mó faoin stár Mhaigh Eo, nó stár na hÉireann, ná

"You miss her in the evenings since Mary went away
She's a big job in New York, she's doing very well they say?"

Nó cá faightear slíocht filíocht tuathúil comh h-álainn le

"Drive a tractor through the rushes, toppin thistles as she goes.
A new king comes to Connacht, I'll have you all know
That you're going someplace special when you're going ... Up Mayo."


Ar slí go gceantar speisiúil agus tú ar slí chuig Maigh Eo. Tá neart fhírinne ins an liné brea sin. Maigh Eo abú.