Monday, November 08, 2004

An Faisisteachas Culthúrtha, An Ghaeilge, agus Newstalk 106

Fad a bhí an Spailpín ina luí tráthnóna inniu ag eisteacht leis an raidió, thit sé ar an Right Hook ar Newstalk 106, agus an oideachas á phlé acu. Is é George Hook an craoltóir ar an Right Hook de gnó, ach bhí an saineolaí rugbaí imithe inniu agus fear darbh aimn Ger Gilroy ina ionadaí do.

Ar aon nós, bhí an oideachas á phlé acu - ciallaíonn sé sin ná go gcuireadh an lucht eistiúl a dtuairimí féin isteach chuig Ger mar téacsanna agus léúdh Ger Gilroy iad amach agus chuireadh sé a thuairim féin leo. Ceart go leor. Chuir duine eigin téacs chuig Ger a rá narbh ceart é an caighdean Gaeilge a chuir ar múinteoirí na mBunscoil, mar tá roinnt maith múinteoirí cailte againn, ón Sé Chontae nó áiteanna Gallda eile, toisc nach bhfuil an Ghaeilge acu.

D'aithnígh Ger go mhór leis an tuairim sin. Is "cultural fascism" é, dár le Ger, gurbh gá do mhúinteoirí na mBunscoil caighdean Ghaeilge a chomad. "Cultural fascism," ar ndoigh. Bhuel, tá plé mór ar siúl no ag teacht in Éirinn faoin bhféiniúlacht - bhí an Ombudswoman, Emily O'Reilly, ag caint an seachtain seo caite faoin creideamh agus na measanna atá in Éirinn sa lá atá inniu ann, mar shampla. Tar éis titim an Eaglais agus teacht an airgid, tá chuid dár bhféiniúlacht caillte againn, agus is gá dúinn é a thabairt ar ais, nó rud eigin eile a chuir isteach in ionad an seanshaol. Ach nuair atá rudaí Gaeleach á lorg againn, cad atá níos Gaeleach ná an Ghaeilge? An "cultural fascism" é sin, a rá gurbh rud Ghaeleach í an Ghaeilge?

Níor chuir mé téacs chuig Ger, faraor. Ar an lámh amháin, níl an saibhreas agam chun tecsanna a chur ar caoga cent an téacs, agus, ar an lámh eile, ní doigh liom gurbh fhéidir le Ger an smaoineach a thuiscint. Ní bheidh an Chathaoir Fealsúnachta in Ollscoil Heidleberg á théigh ó thóin Ghearóid ar feadh cúpla bliain fós.