Tuesday, May 24, 2005

"Rip-Off Ireland" - Éirinn na nGadaithe

Mar is eol daoibh go leor, is tírghráthóir é bhur Spailpín Fánach - is breá leis an rud ceart a dhéanamh ar son na hÉireann. Mar sin, nuair a léigh sé go raibh Micheál Ó Mairtín, an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, tar éis gadhar faire tomhaltóra a chur ar siúl, bhí súil an Spailpín níos oscailte roimh gadaíocht na siopadóirí.

Seo scéal daoibh. Bhíos i lár BÁC Dé Sathairn agus, tar éis lá fada siopadóireachta agus sula bhfuaireas mo bhus abhaile, bhuaileas isteach i siopa chun píosa beag seacláide a cheannach, le h-ithe ar an mbus fad atá luifearnaigh na cathrach ag caitheamh a gcuid drugaí. Tá an siopa seo ar chúil Sráid na Tríonóide agus Sráid Aidriú, ach tá sé néamhghnáth mar tá an praigheas ar gach chuile milseáin atá le díol acu. Ochtó cent an ceann, más maith leat.

D'fhágas an siopa, agus chuaigh mé trasna na boithre chuig siopa Centra ar Sráid an Dáma, atá bunaithe in aice leis an bhialann Little Caesar's. Bhuaileas isteach, agus thogas Cadbury's Snack suas chuig an freastálaí. "Naoi cent ochtó," ar seisean. "Tá sé sin ró-dhaor domsa," arsa mise as Béarla dó, mar a duirt an tAire agus an Tánaiste ba cheart duinn a rá. "J¤ß·PÁÂ¥þ²yªºµØ¤H¤õ½b¶¤²y°g­Ì¡C«Ü," ar seisean liomsa. Síneach ab ea é, agus ba chuma leis má fhuaireas seacáid don bealach abhaile nó mura bhfuaireas. Bhí sé buíoch go leor bheith in Éirinn álainn ná bheidh abhaile san Sín, agus ní n-iompódh sé aon bhád murab fhéidir leis.

Cheannaigh mé mo sheacláid tráthnóna inné, i nDunnes Stores. Ocht cent is caoga. Bhí sí go deas, muise, agus tríocha cent níos suaraigh ná mo bhuachaillí ar Shráid Trinóide nó Sráid an Dáma. Nach iontach é an taisteal, i ndeireadh na dála?