Tuesday, November 22, 2005

Ceist Cé Imreodh Rugbaí?

An Cathmhaolach, Phil Orr agus an Duagánach - ní bheidh a leithid arís annTháinig scamall dubh eadóchais ar lucht tacaíochta rugbaí na hÉireann nuair a d'fhógair Eddie O'Sullivan a fhoireann a n-imríodh i gcoinne an Rómáin an Sathairn seo chugainn. Tar éis an dhá theip i gcoinne an Astráíl agus an Nua-Shéalainn, bhí na tacadóirí ag tnúth le tús nua. Níl stár nó trádisiún rugbaí na Rómáine comh fada ná stár rugbaí na hÉireann agus, mar sin, beirfidh Éirinn an bua is cuma cé h-iad na h-imreoirí a chaithfidh na geansaithe glása. Ba seans é an cluiche seo d'Eddie agus don IRFU imreoirí óga nua a chur amach, chun blás an lá mór i Lansdowne Road a thabairt dóibh.

Ach níor thóg Eddie O'Sullivan an seans sin. Tá seans maith ag an bhfoireann a d'fhógair Eddie imirt i gCraobh na Sé Náisiún, tá sé comh fada ar an mbealach anois, agus comh cleachta i gnó rugbaí idirnáisiúnta. Níl ach fear nua amháin ann, an tUlach Kieran Campbell atá chun imirt lena chara chuige, David Humphries, agus an tUmph curtha ina chaptaen Dé Sathairn. Ba imreoir den chéad scoth é David Humphries, ach ní fhóglaimfear rud ar bith nua faoi tar éis an cluiche Rómáine. Cén fáth nár thugadh seans d'fhear éile? Cén fáth go bhfuil imreoirí comh cleachta mar Peter Stringer, Girvan Dempsey, Ronan O'Gara agus Simon Easterby ar an mbinnse? Ar bhfuil faitíos ar an Súilleabhánach go mbeidh foireann na hÉireann i dtróblóid Dé Sathairn, agus beidh ar O'Gara no Girvo an lá a shamháil?

Má tá, tá rugbaí na hÉireann i bpraiseach i bhfad níos measa ná mar a thuigtear. Tá dhá fhreagra ann chun an foireann seo a míniú. Is é an chéad míniú ná gurbh amadán ceart é an Súilleabhánach, míniú eadóchasach ach b'fhéadair go bhfuil an ceart ann. Tá an dara míniú níos eadochasaí - tá an foireann seo ag imirt Dé Sathairn mar níl éinne eile ann ab fhéidir leis an Súileabhánach a chur isteach.

B'fhéídir gur fheach Eddie O'Sullivan agus fir mhóra an IRFU ar gach imreoir féideartha, agus níl an scíl acu. Mar sin, is gá duinn cad atá againne a úsáid go dtí go dtagann imeoirí níos fearr, cosúil le foireann iomaint Uíbh Fháilí. Bhí Jerry Guscott, Austin Healey agus Brian Moore ar an mBBC Dé Domhnaigh, scóth na h-imreoirí rugbaí go leir (seachas an tÉileach, ar ndóigh), agus iad ag plé cluichí an deireadh seachtaine. Iarradh ar an Mórgach cathain ba cheart d'Éirinn a foireann a athrú, agus Corrán an Domhain ag teach i 2005. "Tá sé ró-dheanach dóibh anois," arsa an Mórgach. Sin drochscéal duit agus tú ag feachaint ar Éirinn ag strácáil leis an Rómáin Dé Sathairn.