Monday, December 26, 2005

A Chroí Athbhriste ag an Spailpín Fánach

Cá gcuirfear an muinín anois?Scríobhadh ins an dara sliabh Parnassus seo cheana féin gurbh iad Podge agus Rodge an t-aon beirt amháin ar chlúdach RTÉ Guide na Nollag a chuirfeadh an Spailpín cuireadh chucu le linn na Nollag. Ambaiste, táim tar éis a gclár speisialta an Nollag a fheiceál anocht - nó na píosaí beaga ab fhéidir liom a fheiceál gan tinneas a chur ormsa - agus mar sin táim chun mo chuireadh a thógail ar ais. An tseanseafóid chéana ar chraoladar, agus na réalta RTÉ ag cigilt a ngoileanna eadarthu féin. Mo thrua do mo chean bocht gan chiail, nár shíleas go ndeanfaidís an feall mar a dheantar i gcónaí i nDomhnach Broc.

Téigí amach amárach agus na reiceanna ar shíul agus ceannaígí is iomai leabhar ab fhéidir libh. Léígí iad agus sibhse sa bhaile arís, agus ná bacaigí leis an teilifís lofa fhealltach arís. Seo é tairne deireanach na cónra.

, ,