Thursday, December 15, 2005

Glasgow Celtic: An Rogha Ceart do Roy Keane?

Roy Keane agus a gheansaí nuaTá Roy Keane tagtha ina imreoir Glasgow Celtic faoi deireadh. Taispeánadh é don lucht scriobha agus craoltóra inniu, agus d'inis Roy Keane dóibh nár tháinig sé go Parkhead chun críoch bog a chur ar a saothar sacair, ach chun craobhanna a bhuaigh ar son an fhoireann.

Tá sé sin ceart go leor - is fear sárbhródúil é Roy Keane agus is cinnte go raibh a chuireadh amach ó Manchester United ag cur isteach go mór air agus é amach ar boithre iargulta Cheshire ag siúl lena ghadhar. Ach an cheart é, í ndairire, Roy Keane dul suas go Glasgow agus imirt ins an SPL? 'Sé amach ins an Spáinn atá an ghlóir agus an onóir. Ag imirt í leine bán Réal Madrid, b'fhéidir don laoch mór Éireannach seo a tháispeaint don domhan mór - agus go Ridire Albanach éigin fréisin - gurbh é Roy Keane ceann dena peileadóirí sacair is fearr sa domhan fós, cibe blianta d'aois atá sé. Ach níor imigh, agus mar sin beidh Roy Keane ag imirt in Albain, fatach ag imirt i measc abhaic.

Is deireadh brónach é do Kheane, cé nach bhfuil dul amú aige tar eis an clampar a d'éirigh suas idir eisean agus Sir Alex Ferguson. Ach dar leis an Spailpín Fánach, murab fhonn do Kheane dul suas go Glasgow, bhí gaisce amháin fagtha aige le déanamh, rud a mbeadh an rud is crógachtaí a rinne sé riamh. Agus is é sin ná dul suas go Glasgow ach dul ina Ranger, in ionad a Cheltic.

Is docha go bhfuil roinnt smigeanna tar éis an talamh a bhuaileadh tar éis léamh an abhair sin. Ach seo iad mo fháthanna mar ba mhaith liom an gorm a fheiceal ar dhroim leathan Roy Keane.

Gach aon lá agus an Spailpín ag siúl sráideanna Bhaile Átha Cliath, feicim roinnt ápatha agus geansaíthe Glasgow Celtic ar a ndroimeanna. Cén fáth Glasgow Celtic? Ón thírghrá, ar ndóigh. Dár leo, is é Glasgow Celtic an fhoireann sacair is Gaelaí ar an ndomhan, agus ba cheart gach aon Ghael a thacaíocht a thabhairt leo, nó dul amach ón gcófra mar dhúchrónach agus spiaire Shasana.

Bhuel, ní club Éireannach é Glasgow Celtic; mar is léir ona ainm, GLASGOW Celtic, is club Albanach é, a imríonn faoi Bhrat an Ríocht Aontaithe cosuil le gach club Albanach eile. Bhunaigh sagairt Éireannach an club ar dtús, cinnte, ach sin seanscéal anois. Má tá an meid mheais ag an dream tacaíochta Celtic ar an gCaitliceachas, b'fhéidir gurb fhearr dóibh dul chuig an Aifreann Dé Domhnaigh, in ionad dul isteach i dtithe tairbhne ag feachaint ar Sky Sports.

Cé nach dtaitníonn sé go mór liom, is feidir liom a thuiscint cén fáth go gcreideann daoine ins an mbolscaireacht agus ins an bhfógraíocht seo. Sin é an saigheas bolscaireachta chéanna atá ag cur geansaíthe foirne Shasana ar dhroim gach dara mhac Éireannach, ar ndóigh. Ach an rud a choireann mo bholgsa maidir le Glasgow Celtic agus Glasgow Rangers ná an clampar seicteach uafásach amadánach a éiríonn idir lucht Celtic agus Rangers. Támid anseo in Éirinn i bponc leis an fuath olc seicteach seo, ach chun an seanargoint a chur ar siúl i dtír eile, agus a choimead ar siúl níos faide ná céad bhlian? Ba cheart náire a bheith ar gach mac mhathar go léir acu.

Geallann stiúrthóirí Glasgow Rangers agus Glasgow Celtic go gcuirfear coisc ar an seicteachas atá ar a lucht tacaíochta agus deantar rudaí beaga ó uair go h-uair, ach tá fios maith ag gach céann acu gurbh í an seicteachas atá faoi bhun a staideas mar clubanna móra sacair. Dá dtiocfadh Roy Keane, laoch mór na hÉireann, amach ins an léine gorm ag Parkhead, feictear nach raibh ins an seanargoint ná seafóid, agus is féidir leo é a chur taobh thiar de. Ach nuair a thógtar an fuath agus an fhéiniúlacht seicteach ó Rangers nó Celtic, cad atá fagtha agat? Partick Thistle, sílim, agus ní cheannaítear roinnte geansaíthe Partick Thistle.

Is trua nár rinne Roy Keane an gaisce deireanach sin, ach táim go résúnta cinnte ná nach bhfuil na fir móra Rangers ná Celtic ag siúl le deireadh a ngnó tairbheach faoi laithir. Go n-éirí le Roy Keane agus a chlub nua, cibe club é, an t-imeoir sacair na Poblachta na hÉireann is fearr riamh, seachas amháin Liam Ó Brádaigh. Cén fáth an Brádach? Sin scéal eile, mar a dhearfá...

[Gaeilge], [sport], [soccer]