Tuesday, May 23, 2006

Sráid na gCoiníní i mBÁC 1

Puck, mar a shamlaigh Sir Edward Lanseer é ina phictiúr bunaithe ar radharc ó "A Midsummer Night's Dream"Bhuail an Spailpín Fánach isteach go dtí Sráid Uí Chonaill tráthnóna inné, ag déanamh iarracht fáil amach cad é an scéal taobh thiar na ndealbh coiníní atá ann faoi laithir. Mo bhrón, ach theip ar do scríobhnóir dílis - táim comh chríonna inniu mar a rabhas inné.

Thugas faoi deara go bhfuil na dealbha i bhfád níos laidre ná mar a shíleas, agus níos flúirseacha. Ní choiníní iad go leir ach an oiread - tá coinín ann cinnte, coinín phráis leaga amach ar chloigín phráis os comhair Supermac's, bialann na tuaithe, ach is deachair a rá cén saigheas bocanna iad na dealbha eile. Shíleas Dé Domhnaigh gurbh coiníní iad, toisc go bhfuil cluasa fada acu, ach nuair a bhíos i mo sheasamh in eineacht leo, bhuail sé orm níl coinín in Éirinn cosuil le mo dhuine anseo. Tá siad ró-ard ró-chaol, agus a ngéaga ró-dhíreach, chun a bheith ina gcoiníní. Ach ambaiste, murab gcoiníní iad, cad iad?

Tar éis beagán smaoinimh, thosaigh mé ag ceistiú orm féin an Pan a bhí ann? An bhfuil fíos agaibh ar Phan, saigheas leath-dhia ins na seanscéalta Gréigise? Tá part mór aige ins an úrscéal álainn a scríobh James Stephens, The Crock of Gold, ach feicim ar Amazon nach bhfolsaítear an leabhar fós. Is trua é - scéal breá draíochta súgrach é The Crock of Gold. Ach má rinne an dealbhóir iarracht Pan a dhéanamh, theip air - is fear le cosa ghabhair é Pan, ach tá mo dhaoine ar Shráid Uí Chonaill leath-dhaoine agus leath-asail, más rudaí ar bith iad.

An Puck é a bhí i gceann an dealbhóir? An chuimhin libh ar Phuck, an spiorád drochoibre i seanscéalta Sasana? Tá clú agus cáil ar Phuck, níos mó ná aon scéal béaloidis Sasana eile, mar chuir William Shakespeare an fear céanna isteach ina dráma cáiliúl A Midsummer Night's Dream. Ach más Puck é atá ann, cén fáth go bhfuil Puck, nó Robin Goodfellow, ina dhealbh ar Shráid Uí Chonaill, príomhshráid phríomhcathrach na hÉirinn, agus eisean comh Shasanach leis an mBanríon Eilis nó Marmite? Nach níos fearr dúinn Nelson féin a thabairt ar ais linn, ná an leath-duine, leath-asal agus lán-amadán seo, Puck?

'Sé tuairim an Spailpín Fánaigh gur tháinig mearbhaill ar an ndealbhóir a rinne na dealbha seo ar Shráid Uí Chonaill maidir leis an ndifríocht idir Pan agus Puck agus, toisc gurbh é tuairim an cathrach narbh gá ar dhuine níos mó ná aon leabhar amháin a léamh, is docha nach bhféidir le duine ón gCorpo an dhifríocht a adhmaigh ach an oiread. Ní doigh liom cad a shíleann ár gcomharsana nua ón n-Eorap Óir ar na bocanna phráis laidir seo - bhí roinnt maith acu ann tráthnóna inne, agus má bhíodar cuirthe amach nó ba chuma leo, níor inis ceann da laghad acu faic don Spailpín Fánach.

Technorati Tags: , , , ,