Thursday, June 08, 2006

Lá Oráiste Tagtha ar Deireadh ag Corn Domhanda an Sacair?

Eaglais an Sacair - Allianz Arena, München, an Ghéarmain
Corn Domhanda Sacair chun tosú amárach i München, an Ghéarmain, agus tá bhur Spailpín Fánach ag tnúth go mhór go mbeirfidh an Ollainn ar an gCraobh ag an gCluiche Ceannais, arís i München, ar an 9ú Iúil. Níl grá mór agamsa ar na nOllainis; tá deich Euro agamsa orthu le Pádraig de Paor.

Sin mura mbeirfeadh an Bhrasaíl ar an gCraobh, ar ndoigh. Tá sé soileir le cach agus suim aige nó aici ins an sacair gurbh í an Bhrasaíl an foireann is fearr sa chomórtas, agus gurbh é Ronaldinho an imreoir is fearr sa dhomhan. Deirtear go bhfuil Ronaldinho comh maith anois ná go bhfuil sé comh maith le Pele féin, mura bhfuil sé níos fearr. Smaoineamh eiriciúil ab ea é sin cúpla bliain ó shin, ag Corn Domhanda 2002, ach tar éis a shéasúr den scoth le Barcelona, is leir go bhfuil Ronaldindo faoi bhláth a bhua anois, agus tá an ardán ceart aige, ardán an domhain, reidh anois chun an bua sin a thaispeant do lucht leanúna sacair, agus leanúna spóirt go ginearálta.

Tá praghas an Bhrasaíl beagán ró-ghearr ag an ngeallghlacadóir chun pingin an Spailpín a chuir uirthi, afách - is cuimhin liom agus le mo lucht gcarad foireann Brasaíle 1982, an foireann is fearr gan an Corn Domhanda a bhuachaint. Theip ar an foireann galanta sin, agus a h-ainmneacha fós comh dríochta anois mar a bhíodís ansin, Zico, Socrates, Josimar - i gcoinne an Iodáil sa dhara babhta an chomórtais, agus fagaim le huacht gurbh fhéidir leis an mBraisaíl titim ar an gcliath chéanna anois. Má tá easpa múinín agat ar an mBrasaíl, nó b'fhéidir go bhfuil tú ró-shantach chun praghas ghéarr a thógail, tá roinnt foirne ann ab fhéidir an Craobh a bhuchaint.

Tá múinín an Spailpín curtha ins an Ollainn mar ba bhreá liom a mbainisteoir, Marco Van Basten, nuair a imríodh sé leis an Ollainn agus AC Milan, agus tuigtear gur chuir Van Basten stop ar an gclampar idir cheile a mbainneann le gach foireann Ollainis i rith na blianta. Comh maith le seo, is beagnach comórtas baile é Corn Domhanda ins an Ghéarmain don Ollainis mar is cine Ghéarmainis iad - éist le focail a h-amhrán náisiúnta, agus tuigfidh tú go breá.

Baineann baol leis an Ghéarmain fhéin i gcónaí i gCoirn Domhanda ó bhuaigh sí a céad Chorn i 1954, ach níor rug an Ghéarmain bua ar aon thír mhór ó 2001, rud nár tharla riamh. Comh maith le sin, tuigtear go bhfuil a gcaiptéan, Michael Ballack, gortaithe don gcéad cluiche amárach, agus b'fhéidir níos faide ná sin. Mar sin - cé go gcuireann sé faitíos orm - ní chreideann an Spailpín Fánach gurbh í seo Bliain an Iolair arís.

'Siad na Sasanaigh an dara rogha na coitianta don gCorn seo, agus tá roinnt gcarad an Spailpín ag éirí beagán imníoch go mbeirfidís ar an mbua tar éis a daichead blianta ghortú. Is féidir leo, cinnte, ach síleann an Spailpín nach mbuafaidís, toisc go bhfuil siad beagán ró-lag ins na tosaigh - níor chaill Michael Owen treithe a thinnis fós, tá Rooney aonchosach, agus is cuma dá mbeach an triú chos ag Peter Crouch - is fear deas é, ach ní imreoir den scoth é. Pé scéal é, is cuma leis an Spailpín Fánach má bhuann Sasana an Corn Domhanda - mura mbuafaidh Áth Cluiche Ceannais na hÉireann, codlóidh do Spailpín go sámh agus an geimhreadh ag dridim isteach arís. Ach sín troid ar lá eile. Táim ag tnúth go mhór anois leis an gcomórtas, agus an Ollainn - agus ar an ngeall bradach a ghlac mé go n-éireoidh le Fernando Torres an chuid is mó cúil a fháíl. An bhfuil lá na Spáinne tagtha linn ar deireadh?

Technorati Tags: , , ,