Friday, February 02, 2007

Pill, Pill a Rúin - Scéal an Seoigigh

An Seoigeach ag an líneAgus Éire ina luí i ndubh na h-oíche, bhí ceann dá mic ag déanamh gaisce mór amach ins an Ástrail. Ach ní ar son na hÉirinn a bhí sé ag scríobh a ainm i leabhar na stáire, ach ar son an sean-namhaid. Cad é an tuairim ceart ar Eamon Seoige, an cricéadóir is fearr a rugadh in Éirinn riamh, ach atá ag imirt ar son na Sasanaigh?

Rugadh an Seoigeach i mBaile Átha Cliath i 1978, agus ba léir óna óige gurb cricéadóir den scoth é. Ach cén maitheas dó é, agus cricéad gan meas ina thír féin? Bhí dá rogha aige - lean ar aghaidh ag imirt anseo in Éirinn, lena chlub Méarnóg, nó téigh go Sasana agus iarracht a dhéanamh áit a bhaint amach i bhfoireann cricéad Shasana. D'imir roinnt eachtrannach ar son Shasana leis na blianta - Graeme Hick, Allan Lamb, Tony Greig - ach bheadh an Seoigeach an chéad Gael a n-imreodh ar son tire Mountjoy agus Carew.

D'éirigh leis, agus d'éirigh leis go maith. Bhí Sasana ar turas na hÁstráíle i rith an Gheimridh, agus iadsan ag imirt ar son na Luaithrigh, an comhórtas cricéid is sinne sa dhomhan. Theip orthu, agus theip orthu go dona - bhí bród na hÁstráile bruite tar éis a dteip féin i Sasana i 2005 agus, idir gá na hÁstráile ar dhíoltas a bhaint amach, agus imreoirí ghórtaithe Shasana, cuireadh an corr-ruaig ar an dtír a chuir an cricéad ar an tsaol.

Pé scéal é, bhí Sasana briste buartha, agus comhórtas eile le imirt acu, comhórtas ar cluiche ar lá amháin, in ionad na Triallcluichí a thógann cúig lá, an saigheas cricéid is uaisle sa spórt uasal seo. Agus gach rud caillte acu anois, agus cricéadóirí ar an gclaí sa bhaile ag béicéal ar a gcinn, cén fáth nach dtabharfaí seans ar Pheadaí?

Tugadh an seans ar an Seoigeach, agus ambaiste, thóg sé é le greim an fhir báíte. Fuair Eamon Seoige an mórscór ar na trí cluichí deireneach agus, ar an maidin seo, fuair an Seoigeach a chead, scór dríochta an slacaí i gcónaí, an chéad cead bainte amach ag slacaí Sasana le cúig cluiche déag, agus cead a thug an bua do Shasana sa deireadh. Agus anois ar maidin, ní h-amháin gurbh é an Seoigeach an cricéadóir is fearr in Éirinn, ach i Sasana comh maith.

Ach fágann an ceist linn fós - an chóir dó a thír féin a thréagadh agus imirt ar son Sasana? Is é tuairim a thacadóirí go bhfuil an ceart aige, go bhfuil bua an cricéad aige agus mar sin, is a dhualgas é an cluiche a imirt ar an gcaighdeán is airde ab fhéidir leo, caighdeán an Thriallchluiche. Ar an lámh eile, conas ab fhéidir dilseacht a thabairt do Shasana gan do dhilseacht ar Éirinn a thréigeadh? Fíor go leor gurbh bhreá an cricéad leis an Seoigeach, ach is léir freisin go bhfuil an cricéad níos tabhachtaí ná a thír, agus is feall é sin. Pill, pill, a rún, mar a dhéireann an sean-amhráin. Níor éirigh le einne sa deireadh a thug cabhair ar an gcórón, ach cailleadh a dtalún agus briseadh a gcroí i gcónaí. Beidh an toradh céanna i ndán don Seoigeach.

Technorati Tags: , ,