Thursday, April 12, 2007

Filleann "Inherit the Wind" ar ais ar Ardán Broadway

Tá tuairisc spéisiúl ag Mark Lawson sa Ghuardian ar maidin ar ath-tháirgeadh an dráma "Inherit the Wind" ar ardán Broadway, Nua Eabhairc, faoi láthair. Scríobhadh an scéal ins na gCaogóidí ar triail a tharla i ndeisceart Mheiriceá ar múineadh Darwin 'sna scoileanna ansin, ach ba fháthscéal é ag an am céanna, ar an mbaol ag teacht ar saoirse Méiriceánach ó thionchar an Séanadóir Joseph McCarthy agus a lucht tacaíochta. Sa lá atá inniu ann, baineann an tuiscint fáthscéalach faoin ndráma fós, leis an tUachtarán GW Bush in ionad McCarthy, ach, dócréite a rá, tá an coisc ar Darwin ag filleadh ar ais i ceanntair éigin Méiriceá agus tá abhár na h-éabhlóide tabhachtach i saol na bpobal arís.

Rinneadh scannán ón ndráma i 1960, agus Spencer Tracy sa phríomhphart mar Henry Drummond, an dlíadóir a chosnaíonn an múinteoir a mhúineadh Darwin in ionad scéal an Bíobla. Is ceann de na scannáin is ansa liom riamh, toisc gurbh bhreá liom Tracy mar aisteoir, ach tá sár-phart ag Gene Kelly sa scannán freisin, mar iriseoir darbh ainm EK Hornbeck, a chuireadh sios chuig Tennessee chun scríobh ar an dtriail. Níor léigheas é in áit ar bith, ach tá do Spailpín beagnach cinnte go bhfuil an EK Hornbeck seo bunnaithe ar iar-iriseoir Méiriceánach a bhí ann ag an am, fear dárbh ainm HL Mencken, príomhfhear taobh thiar an "American Mercury," iris a bhí ana-thabhactach ag an aois. Tá clú agus cáil ar Gene Kelly mar fear rince, ach theaispéanann an scannán Inherit the Wind gurbh fhéídir leis an gCeallach na páirteanna dáirire a dhéanamh comh maith.

Tá Brian Dennehy agus Christopher Plummer ar an adrán anois mar príomhaisteoiri an dráma, Dennehy mar Matthew Harrison Brady, guth Dé, mar a shílfeadh sé féin, agus Plummer mar Henry Drummond, laoch na h-éabhlóide. Tá sé deachar dom fós creideamh go bhfuil an éabhlóid agus tuiscint litriúil an Bíobla i gcoinne a chéile arís, ach is docha go ndéantar déarmad anseo in Éirinn comh láidir an tír í Méiriceá, agus an méid daoine dífríochta le creidimh dífríochta atá ann. Tá níos mó ann i Méiriceá ná Gaelic Park, NY, agus Dealbh na Saoirse. Feicim gur osclaíodh iarsmalann le deanaí i Kentucky nach mbaineann leis an éabhlóid ar chur ar bith. B'fhéidir go raibh an ceart ag Hornbeck sa dráma nuair a dhéireann sé go raibh mícheart ar Darwin - nár tharla an éabhlóid ar chur ar bith, agus go bhfuil an duine ina ápa fós.





Technorati Tags: , , ,