Wednesday, July 11, 2007

Feartlaoi Tí Tábhairne

Thárla rud ait uaigneach liom i mBéal an Átha an deireadh seachtaine seo caite. Seo an scéal.

Bhíos ag siúl síos Sráid Uí Chonaile, ag dul lastall tí tábhairne Liam Mhic Éil, nuair a tháinig fear amach agus a shín a lámh amach dom. Bheannaigh sé dom, agus bheannaigh mé do arís, cé nach raibh fios agam cé hé. Tá sé sin ceart go leor - bíonn aithne ag cuid maith daoine ormsa i ngan fios dom féin, agus 'sé mo thuairim go bhfuil sé níos easca agus níos fearr cara nua a dhéanamh in ionad namhaid éigin. Mar sin, thógas a lámh agus croitheas é.

Ach bhíos trí chéile nuair a bhfuaireas amach nárbh fios do cé hé mise ach an oiread. Cén fáth go gcroitheadh duine lámh duine i ngan fios ceachtar acu cé hé an duine eile? Ach ansin tháinig an freagra, agus bhí gach rud soléir.

"Is cuimhim liom tusa ag ól i nGaughan's," a duirt sé, agus thuigeas gach rud anseo.

Tá teach tábhairne Gaughan's dúnta i mBéal an Átha le bliain nó mar sin - scríobhas céanna sa bhlaigín seo agama an cailleadh ab ea an dúnadh. Ach ó oíche Dé Sathairn tá sé soleir dom go bhfuil cuid mó a phobail á ghearradh dá bhrí a dhúnadh fós, agus iadsan i ngan fios cá rachadís anois. D'iarr an fear an ceist céanna ormsa - cá bhfuilim ag ól anois?

"Bhuel, nílim," a duirt mé leis, go fírinneach. "Táim im' dheoraí sa bhaile seo anois. Nílim ann anois mar a bhínn. Níl tógaim deoch sa bhaile ach ins na tithe ina dtógtar mé."

Sméidh sé a cheann ansin, go cnéasta, ach go brónach freisin, agus d'fhill sé ar ais ar a phíonta. Leann mé fein ar aghaidh, agus d'fhilleas go dtí Teach Mhic Éil arís tar eis leathuair a chlo. Ach ní raibh mo dhuine ansin. Bhí sé imithe ar thóir áit éigin eile, ina ngeobhadh sé beagán bhláis Gaughan's arís. Tá súil agam go ngeobhaidh, ach níl mórán dóchas agam. Agus níl fios agam freisin cathain a bhfillfidh mé ar áis go mBéal an Átha ach an oiread.





Technorati Tags: , , , ,