Monday, September 24, 2007

An Andúileach Drugaí, na Ceoltóirí Sráide agus Cór Nimhe na n-Aingeal

Bhí tuairisc ana-ghreannmhar ar Morning Ireland ar maidín faoi crinniú Comhairle BÁC atá chun coisc ar cheotóirí sráide ag seinnt ar sráideanna éigin na cathrach a phlé. Bhí bean éigin darbh Lucinda ann sa tuairisc, agus ise ag tabhairt amach faoi fear agus a thíuba ag seinnt ar na sráideanna agus gan ach dhá phort ar eolas aige, siadsan "When the Saints Go Marching In" agus "Happy Birthday to You." Mí-shástúil go leor, ar ndóigh, ach tá an bhean chéanna ina cónaí i mBéar an Teampaill, agus 'se mo thuairimse féin go mbeidh uirthi cur suas lena dóthain eile seachas a duine agus a thíuba.

Tá ceoltóirí sráide im' aigne agam as ucht rud a chonacas oíche Dé Sathairn. Bhíos ag cur fúm ar Shráid Grafton anseo i mBleá Cliath, ag breathnú ar chúrsaí na h-oíche ag cúig nóiméad chun a deich, nó mar sin. Tháinig triúr, beirt cailín agus buachaill, os comhair siopa HMV agus thosaíodar triúr ag canadh - an Wild Rover, más chuimhin orthu i gceart. Ach - agus tugaigí áire ar seo, tá sé tabhachtach - níor chanadar i stíl tradisiúnta, ach i stil chóir, cosuil le Cór na mBuachaillí ViennaCór Airm Deirg na Rúise. Bhí beirt soprano ann, agus an buachaill mar countertenor, agus bhí gach rud go h-álainn, i ndáiríre, cé go raibh sé neamh-coitianta.

Ag an am céanna agus a thosaíodar ag seinnt, tháinig andúileach drugaí ina measc, agus eisean ar a bhealach anuas, chuig Fhaiche Stiofáin. Bhí gach rud ceart go leor leis, agus é féin "buzzin' like a bee," mar a dheirtear ina dhréam, nuair a chuala sé an ceol mí-dhomhanda seo.

Stop sé, agus d'fhéach sé thall is abhus, ag iarraigh foinse an cheoil a fháil amach. Bhí sé corraithe go leor, agus ní nach ionadh. Is docha gurbh iad Aslan agus Christy Dignam is ansa leis mar cheol, agus ní cloiseann sé an saigheas chanaidh seo amach ón eaglais. Agus nuair a chuala sé an ceol, ar shíl sé gurbh cór na n-aingeal iad na ceoltóirí, agus go raibh a dheireadh leis?

Tá fios ag gach andúileach drugaí gur crua an saol é, agus go bhfánann an bás taobh thiar gach aon choirnéal. Nuair a chuala mo dhuine an cór nimhe seo, ar shíl sé go raibh a uair tagtha faoi deireadh?

Bhí air bheith cinnte. Chuaigh sé chuig na ceoltóirí, agus ag iarraidh orthu "where are yiz from? Where are yiz from?"

Lean an cór ar aghaidh lena n-amhráin, agus d'fhill a chrógacht ar ais le mo dhuine. Ba é a thuairim, is dócha, más cór na n-ingeal iad agus iad ar a thóir, go mbeidh barántas éigin acu air, agus nuair nach raibh, bhí fios ag an andúileach drugaí go mairfeadh sé cúpla uair eile. "Well fair play to yiz," a bheannaigh sé díobh, agus ar aghaidh leis ar a bhealach arís, isteach i ndorchadas na h-oíche.

And it's no, nay, never,
No nay never no more
Will I play the wild rover
No never, no more....






Technorati Tags: , , ,