Thursday, September 04, 2008

An Ceol, an Ceoldráma agus ár gCeol Féin

Anna Nebtrenko, guth gleoite na Rúise
Tá plé ar siúl i leathanaigh an Guardian faoi láthair maidir leis an gceoldráma. Cuireadh an t-iriseoir Laura Barton chuig cúpla ceann i rith an tsamhraidh agus níor thaitin mórán acu léi. D'ionsaigh sí lucht an cheoldráma ar an Máirt, agus tháinig beirt scríbhneoir eile amach ag ionsaigh uirthi féin ansin, agus ag iarraidh an ceoldráma a chosaint.

Níl mórán ar an bplé i ndáiríre - déanann Laura amach níl ach lucht srón-in-airde iad a bhfilleann chuig an gceoldráma, ach tugann do Spailpín Fánach faoi deara gurb é an fíon an deoch is ansa le Laura; más laoch an lucht oibre í, nár cóir di canna breá te Tennants a ól?

Thaitin sliocht Tom Service liom - feiceann sé go lochtaíonn Laura ah ceoldráma go bhfuil an t-iomarca athrá ann, agus tá an cheart aige go bhfuil an t-athrá i bhfad níos fearr ná saothar Wagner, atá slán ó athrá ach lán le ceol crua deacair. Thug an Spailpín uair Nollaig amháin ag breathnú ar Fáinne Wagner ar BBC2 ach tar éis an uair bhí gach fonn bheatha caillte ag an Spailpín agus mura chuala mé an guthán seans go gcaillfeá mé.

Charlotte Higgins beagán soineanta, dár leis an Spailpín, maidir lena tuairimí. Admhaíonn sí go bhfuil sé deacair éisteacht leis an gceoldráma agus tú cleachta leis an bpopcheoil le linn do bheatha, ach shíleann sí gurbh féidir le Laura níos mó taitnimh a bhaint ó Eugene Onegin ná mar a bhain sí ó Bhainis Figaro? Deacair le creideamh.

Éisteann an Spailpín leis an gceoldráma ach bí cinnte go ndéanann sé a obair bhaile don gcéad uair - bheidh mé caillte go deo mura ndéanann. Má tá bua an cheoil agat, seans go mbeidh tú ceart go leor dul isteach ag ceoldráma éigin ach más gnáthdhuine thú ba chóir dlúthdhiosca a cheannach agus éisteacht leis cúpla uair.

Bhí páirt mór ag an bpopcheoil im' shaol nuair a bhíos óg ach anois tá sé beagán éadomhain dom. Éistim le Rockferry ag Duffy ach cloisim Dusty in Memphis. Cá bhfuil an t-ionadh? Cá bhfuil an rud nua?

Chomh maith leis an gceoldráma agus an ceol clasaiceach, éistim i bhfad níos mó lenár gceol féin. Caithfear bheith cleachta anseo freisin - bhíodh na poirt mar a gcéanna ar dtús agus níl ach éisteacht cruinn agus athéisteacht arís go dtí go gcloistear na difríochtaí agus go n-éiríonn fíor-thuiscint an cheoil leat.

Rinneadh an seandream amach gur gá leat bliain is fiche a chaitheamh ag foghlaim na píoba uillinn - seans go bhfuil cúpla bliain tuilte agat taitneamh na bpíoba a fhoghlaim chomh maith. B'fhuath liom iad agus mise im' ghasúr ach anois, nuair a gcloisim na píoba, cloisim guth na Tuatha de Danann. Seo fear agus a bhliain is fiche caite go maith aige - Séamus Ennis, agus ríl a chasadh aige. Suas léi, a mhic!







Technorati Tags: , , , ,