Friday, June 26, 2009

Gaeilge á Labhairt ag an Leon

Agus an Spailpín Fánach ina stócach agus gan mórán le déanamh aige, léinn cuid maith dírbheathaisnéisí imreoirí rugbaí na Breataine Bige. Bhí roinnt maith acu i leabharlann Bhéil an Átha i rith m'óige agus léigh mé gach uile ceann acu - Barry John, Mervyn Davies, Gareth Edwards, Gerald Davies. Thit mé ar leabhar JPR Williams i síopaleabhair cáiliúil ar an dTrá Fhada, California, Meiriceá, bliain nó dó ó shin agus tá sé ar an seilf agam anois.

Rud amháin a chur isteach orm maidir le ré glórmhar rugbaí na Breataine Bige ins na seachtóidí ná chomh tírghrách agus a bhídís. Scríobhadar chomh minic faoin rud seo hwyl, saghas paiseanta catha atá ag an gcíne na Breataine Bige, agus acusan amháin.

Chomh maith le sin, scríobh siad go labhraídís sa mBreatnais ag an sínte amach chun dallamullóg a chur ar an sean-namhad. Bhí a dteanga féin an-tábhachtach le cúpla duine acu - Ray Gravell, go dtuga Dia trócaire air, mar shampla - agus ba chúis mór bhróid acu go raibh a dteanga féin acu.

Tháinig sé sin ar áis im'intinn inne nuair a léigh mé go raibh Lúc Mac Gearailt chun tosú ar an gcliathán leis na Leoin i gcoinne na Afraice Theas amárach. Mar is Gaeilgeoir é an Gearaltach, atá go minic ag labhairt le Seán Bán ar Raidió na Gaeltachta nó ar TG4, agus ba chóir dúinn bheith bródúil as.

Is ait an rud é Gaeilge a chloisteáil i gcanúint láidir Bleá Cliath 4, ach is cuma go deo. Níl fios ag duine cad í fíor-chanúint na Gaeilge ar aon scéal. Léigh mé agallamh leis an nGearaltach roimh an dturas agus dúirt sé go raibh an Ghaeilge agus an tír ana-mhór do agus dá athair, Des, a chaitheadh geansaí glas na hÉireann ina aimsir féin. Táid beirt ag déanamh an iarracht, agus sin é an rud is tábhachtaí.

Beidh brú mór ar na Leoin amárach, thús i sléibhte ceartlár na hAfraice Theas. Bhí an t-ádh dearg acu nár rinneadh scrios orthu sa gcéad cluiche agus, mura dtiocfadh fir ionadaí na hAfraice Theas isteach tar éis an chéad uair, seans go gcuirfí faoin bhfód iad chomh dona nach bhfeicfidís solas na gréine arís ar an dturas. Ach ní chuireadh, agus táid beo fós.

Is dócha go mbeidh an lá ag Die Bokke agus má bheidh, ní nach ionadh é mar is foireann go sár-mhaith iad, go h-áirithe suas 'sna tosaithe agus sár-imreoirí acu dá chuid du Plessis, Botha, Matfield agus Burger. Ach beidh seachtar nGael ag caitheamh na geansaí dearga cáiliúla ar an Sathairn, agus fios ag ceann acu nár chóir bacaigh le mac an bhacaigh. Go n-éirí leis agus leo. Nócha a naoi, a bhuachaillí, nócha a naoi!





Technorati Tags: , , , ,