Tuesday, March 16, 2010

Is Feallairí Cine is Chreidimh Iad Cliarlathas na hÉireann

Tá - nó bhíodh - scéal deas ann tráth faoi Naomh Peadar, agus eisean chun an Róimh a thréigeadh dá bhrí géarleanúna Nero. Ach nuair a bhuail Peadar an bóthar amach, bhuail sé le Críost, agus eisean chun na Róimhe.

"Quo vadis, Domine?" arsa Peadar - cá dtéinn tú, a Thiarna?

"Eo Romam iterum crucifigi," arsa Críost. Táim chun na Róimhe chun a bheith crochta ar an gcrios arís. Mar nach bhfanfadh Peadar agus a dhualgas a dhéanamh, bhí ar Chríost filleadh.

Thuig Peadar an scéal, agus d'fhill sé, chun an Eaglais a bhunadh, agus a shaol féin a ligeadh uaidh ar son an chreidimh. Bá shean-teagasc Críostaíochta é an scéal seo, ag taispeáint don bhfírinne go mbeidh orthu íobairt dá chuid a dhéanamh ar son an cirt.

Is léir go bhfuil an chleacht caillte anois ag cliarlathas an hÉireann. Bhí dóchas ann i gcónaí gur thuigeadar an scéal. Cé nach nglacann siad le cúrsaí nuachta reatha, gur thuigeadar an feall a rinneadh ar fhírinne na hÉireann agus go gcuirfidís i gceart é.

Tá gach dóchas caillte anois. Is léir anois nílid ach fir ag iarraidh greim a choinneáil ar a bpoist, agus tada eile. Más Críostaí iad, ghlacfaidís a gcriosanna mar a ghlac Peadar agus dhéanfaidís a n-aithrí ar son na peacaí a rinneadh in Éirinn ar na soineanta. In ionad sin, tá an Cairdinéal ag glanadh láimhe mar a ghlan Pilate agus a chónaí i bpálás Aird Mhaca a choinneáil, agus tá fear eile ann, an Moinsíneoir Maurice Dooley, ar an dtuairim nach mbaineann an dlí le chléir ar chur ar bith.

Dó-chreite. Croí-bhristeach. Agus Lá 'le Phádraig againne ar maidin, ag comóradh an fear a thabhairt an creideamh go hÉireann, tá an creideamh marbh agus an-mharbh anois. An mbaineann tada leis an 17ú Márta in Éirinn anois ach an ól agus droch-iompar bruscair na cathrach? Ní bhaineann.

Tháinig an Eaglais slán ó Chromwell, ó phéindlíthe agus ón ndrochshaol ach tá sí marbh anois, maraithe ag lámh a sagairt féin. Tá an drochbhuachaill féin in a ríocht ar deireadh ar Oileán na Naomh is na nOllamh, agus laethanta gránna duairc os ár gcomhair amach anois. Go bhfóire Dia orainn, agus ár leanaí.






Technorati Tags: , , , ,