Tuesday, August 03, 2010

Ag Dul Chun Cinn Leis an gCócaireacht

Tá an saol athruithe go deo. Ní in Éirinn amháin, ach amach sa domhan mór.

Ba é an t-alt seo ag Lucy Cavendish sa Daily Telegraph a chuir an crú deireanach isteach sa gcónra. Tá an cócaireacht agus an chóisir bhéile chomh tábhachtach sa saol anois ná go bhfuil mná uaisle Shasana féin cráite faoin mbrú.

Agus Lucy féin tite, cén seans ag an Spailpín Fánach? Is fear simplí go leor mise. Tabhair pláta bagúin agus cabáiste dom, agus cúpla prátaí, agus bím sásta go leor, gan tuilleadh ar iarracht ón saol. Ach níl an domhan mór sásta - tá ar gach duine snas agus sár-snas arís a chuir ar gach béile bia a ndéantar ach ar m'anam caite ar áis i do ghob a mbeidh sé, le fearg, uafás agus déistin.

Tá cúrsaí cócaireachta agus cúrsaí bhia níos tábhachtaí ná mar a bhíodh riamh sa saol sóisialta in Éirinn sa lá 'tá inniu ann. Tá rás rite ag an Spailpín maidir le seo - tógadh le fataí é, agus cuireadh mar fhata é ar lá brónach éigin. Ach idir an dhá linn, caithfidh mé leanúint leis an athrú saol seo.

Mar sin, tá seift ag an Spailpín Fánach. Ar chuimhin leat an scannán Reservoir Dogs, agus gur insíodh don Oráisteach gur chóir dó scéal aige i gcónaí? Tá an moladh céanna ag an Spailpín do gach uile fear ar an sean-saol atá chun cóisir bhéile, eisean uaigneach tar éis na prátaí, agus trí cheile os comhair na mbeacán líonta.

Tagann an uair nuair a n-iarrfar ort cad fút féin maidir leis an gcócaireacht. "Ó, is breá liom bheith i measc na potaí," a déarfaidh an Spailpín. "Níl an t-am agam go minic, ar ndóigh, agus an saol chomh gnóthach mar atá, ach nuair atá an t-am agam, níl tada níos fearr ná cudal curtha suas ina dúch féin."

Scanradh ar gach taobh. "Cudal! A dúch féin! Inis tuilleadh dúinn, a saoi na spúnóga!"

Más féidir caitheamh tobac ag an mbord, seo am maith cipín a chuir ar thoit breá mór, agus aire gach duine ort.

"Ó, tá sé simplí go leor. Tóg do chudal, gearr an bolg amach uaidh - "

"An bolg! A Thiarna!"

"Ghearr amach an bolg, istigh leis an gcudal nóiméad faoin uisce chun é a ghlanadh, istigh sa bpota leis le gairleog, piobar agus ola olóige, sé unsa nó mar sin de. Ar an tine ar feadh uair agus ceathrú, curtha ar pláta deas ríse, agus tá tú ceart go leor. Ó, agus gloine fíona ar ndóigh. Folonari deas rua, b'fhéidir. Tá an blás níos láidre ná gnáth-iasc, meas tú."

An blás níos láidre ná gnáth-iasc. Sin iad na focail draíochta. Tusa laoch na cóisire tar éis an cur síos sin. Bainfear do dhraíocht nuair a thagann daoine chugat sa mbaile agus níl sa gcuisneoir agat ach buidéil beoracha agus boscaí Birds-Eye Waffles ach feadh na cóisire ag ithe amach ó dó lámh a mbeidh siad.