Wednesday, September 01, 2010

Oidhreacht Mick Lally

Nach gearr crua é cailleadh Mick Lally dúinn? Ní h-amháin gur tharla chomh tobann é, ach gur nochtadh a bhás dúinn chomh mór a bhíodh sé inár saolta.

Ba óg an fear é Mick Lally chun imeacht ar shlí na fírinne - ní raibh ach 64 bliana d'aois. Ach chaith sé leath na blianta sin os comhair an phobail ag aisteacht. Is dócha gur chuimhin daoine go raibh sé ina Gharda sa scannán Poitín, faoi stiúrthóiríocht Bob Quinn, ins na seachtóidí, ach mairfidh a chlú don chuid is mó mar Miley Byrne, feirmeoir agus fear tuath, sa sobalchláir Bracken agus Glenroe.

Deirtear gurb fhuath é ról Miley le Mick Lally. Níor thaitin leis gurbh Miley é in aigne an phobail agus an méid oibre níos fearr aige tar éis Glenroe, ar stáitse agus, ar ndóigh, ar scannán dá chuid The Secret of Kells agus Alexander.

Dúirt fear éigin ar Raidió na Gaeltachta inné go raibh dífríocht mór idir Mick Lally agus Miley Byrne agus is dócha go raibh sé sin crua ar Lally freisin. Fear clíste léite é Mick agus saghas amadáin é Miley. Is fíor é sin, ach níl an fhírinne go léir é. Bhí Miley Byrne mór i gcroithe na daoine mar ba fear uasal é, agus chuir Mick Lally an uaisleacht sin air.

Níorbh fhéidir le aisteoir eile é a dhéanamh, mar níl an saghas uaisleachta sin coitianta sa tsaol. Níl an amadánaíocht ach rud beag; agus dearmad déanta ar pleidhcaíocht tumthéitheora no caorach as láthair ar Domhnach éigin is í uaisleacht Miley, fear a sheas ar rudaí luachmhar mar teaglach, macántacht agus cothrom na Féinne déanta le saibhir agus daibhir, a maireann gach seachtain, gach mí, gach bliain.

Níorbh an uaisleacht a thagann ó rugadh uasal agus tógadh i dTeach Mór í, ach an uaisleacht a thagann ón anam. An uaisleacht a thagann ó fhear atá cneasta macánta le daoine, agus a thuigeann an ceangal idir an duine agus an dúlra atá ina thimpeall. Bhí na tréithe sin i Mick Lally, agus ba é bua Mick Lally na téithe sin a chur isteach i Miley Byrne.

Bhí grá ag na Gaeil ar Miley Byrne, mar thaispeán sé dúinn an Gael mar ba mhaith linn é. Uasal, tuathach, macánta, deas. Sin bua agus oidhreacht Mick Lally - mar fear a rinne an Gael is Gaelaí, an chuid is fearr cine na nGael.

Is cuimhin liom seoladh fheachtais Uachtaránachta Mary Robinson - nó ceann díobh; bhí níos mór ná an t-aon tús amháín aici - ar mullach leoraí i mBéal an Átha i 1990. Maidin Dé Sathairn, Sráid Uí Raghailligh, slua mór istigh sa mballa. Ceathrair an an leoraí - sagairt áitiúil, Dick Spring, Mary Robinson agus Mick Lally. Fuair Mick Lally an gáir is mó ar an lá, i bhfad níos mó ná ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre nó an chéad Uachtarán eile agus bean ón mbaile. Mar ba duine dúinne féin é Mick Lally, agus bhí, bíonn agus beidh go deo meas againn air dá bhrí. Ar lámh Dé go raibh a anam dílis uasal.