Thursday, October 20, 2011

Deireadh Seachtaine na nGiobal

Agus cad atá chomh leadránach sa tsaol ná machnamh seanfhir? Níl tada. Bhíodh ár n-óige againn uilig, ach cé go raibh na h-ainmneacha difríochta bíonn na scéalta mar a gcéanna, beag nó mór.

É sin raite, bhraith mé lámh fuair ar mo chroí nuair a chuala mé go bhfuil deireadh tagtha go deo ar Seachtain na nGiobal, Gaillimh. Bhí an deireadh fógraithe le fada ach ag an am céanna, baintear geit nuair a thagann sé.

Scíobhfar roinnt faoi chomh brónach atá an deireadh seo agus go bhfuil an t-airgead bailithe ar son na mbocht níos tábhachtaí na pléaracha na seachtaine. Ná bac leis an seafóid sin. Is dócha go bhfuil croithe roinnt na gníomhaire ar Seachtain na nGiobal san áit ceart ach bíonn coirp na mac léinn ins an t-aon áit amháin - istigh sa mBéar, agus iad ag iarraidh an méid is mó portair a chaitheamh siar mar ab fhéidir leo.

Bliain amháin tháinig cúpla boc chomh fada le Coiste Seachtaine na nGiobal le pléan. Tógfaidís HiaceFord Transit éigin ar iasacht, tabharfaidís cuairt ar gach contae in Éirinn, bailóidís airgead ar son Seachtain na nGiobal agus fillfidh siad ar ais arís. A leithreoir, fuaireadar an veain agus bhailigh siad an t-airgead ach ní dóigh liom gur fhilleadar riamh, agus tá beagnach dhá scór bliain caite anois.

Ba rógairí tofa iad, ar ndóigh, ach bhíodh laochra ann freisin. Bhíodh sé sconna déag taobh thiar Béar an Choláiste nuair a bhíodh an Beár sa gCearnóg Mhór. Ba é an Furstenburg an ceann a bhí sa triú áit ón gclé - níl fíos agam cén fáth ar fhan sin im' aigne, ach fan pé scéal é.

Bhíodh na sé sconna déag sin mar dushlán os comhair cúpla cara an Spailpín 'sna laethanta 'tá imithe. Agus Seachtain na nGiobal amháin, shroicheadar go n-déanfaidís iarracht pionta amháin a ól ó gach uile sconna.

Más mhaith leat sé phionta déag portair a ól, beidh fadhb agat. Is dhá bhuicéad beora iad sé chinn déag. Ach tá an caighdeán i bhfad níos áirde nuair atá meascán óil ann. B'fhéidir gurb é sin an fáth gur fhan an Furstenberg im' aigne. Tháinig sé ró-luath sa rás. Bíonn an Furstenberg searbh sa gcéad áit, agus níor díoladh mórán de ag an am, rud a rinneadh an beoir níos seirbhe arís. Bhíodh sé mar bhualadh ar an gclaí Foinavon in Aintree tar éis an chéad staid.

Ach bhíodh cairde agamsa agus boilg iontu cosuil le umair mhúnlaigh, báil ó Dhia orthu. Theip ar an gcuid is mó ach d'éirigh le beirt laoch pionta a ól ó gach uilig ceann de sconna Beáir an Choláiste san aon lá amháin.

Tógadh fear amháin abhaile, tinn a dhóthain ar ndóigh ach slán beo. Tháinig imní ar an gcomhluadar nuair a tugadh faoi deireadh nach raibh an fear eile ann ach fuaireadh slán ina leaba féin é níos déanaí tar éis seilg sa gcathair. Bíonn siad beirt socraithe agus ag obair go dian anois, agus táim ag súil iarraidh orthu cad a shíleann siad faoin deireadh ré seo. Is aoibheann bheatha an scólaire, ach tagann deireadh air i gcónaí.