Monday, May 14, 2012

Ní Scaipfear Sceimhle Saipan Go dTí Go bhFoghlaimeofar a Cheachtanna

Scríobh Malachy Clerkin 3,500 focal san Irish Times Dé Sathairn ar eachtaí Saipan deich mbliana ó shin, nuair a d'fhág Roy Keane foireann na hÉireann - nó nuair a tugadh bainisteoir na hÉireann bata is bóthar dó, mar a shíltear freisin. Scríobh Malachy nach bhfuil orainn nuair a bhfeicimid siar ach gáire náireach a dhéanamh.

Níl an cheart aige. Tá ceachtanna Saipan tábhachtach fós, ó thaobh bainisteoireachta, ó thaobh dualgais, ó thaobh meon na Gael - agus b'fhéidir ó thaobh pleidhcíochta an FAI freisin.

Ar an gcéad dul síos, ó thaobh más duine Mick nó duine Roy thú, is léir anois nach raibh an cheart ag ceachtar acu. Sin ceann de na fáthanna go bhfuil Saipan spéisiúil fós. Ba fíor-thragóid í - bhí toradh eachtraí Saipan i bhfad níos measa ná peacaí na bpríomh-aisteoirí.

Theip ar Mick McCarthy mar bhainisteoir i Saipan. Deirtear nach bhfuil ball foirne amháin níos tábhachtaí ná ball foirne eile, ach ní fíor é sin, agus níorbh fíor riamh é. Caithfear bainisteoir breitheamh a dhéanamh idir deacracht duine mar duine, agus bua imirithe an duine. Agus nuair atá an bua imirthe sách láidir, déantar eiseacht.

Smaoinigh ar Jack Charlton, agus an clú aige mar fear smachta. Chuir Jack David O'Leary ón bhfoireann ar dtús chun a cheannaireacht a dhéanamh soléir os comhair na foirne, ach nuair a bhí deacrachtaí óil ag Paul McGrath bhris Charlton gach riail chun McGrath a thógáil slán. Thuig Charlton tábhacht McGrath ina fhoireann, agus mar sin rinne Charlton gach iarracht ar son McGrath.

Ba é teipeadh McCarthy nár thuig sé tábhacht Keane ina fhoireann féin. Seachas Keane, beidh gach duine acu ag breathnú ar an gCorn Domhanda sa mbaile ar an teilifís. Bhuaigh Roy Keane cluichí ina aonar sa bhfeachtas chun an gCorn Domhanda 2002.

D'aimsigh Jason McAteer an cúl buaite in aghaidh na hÍsiltíre, ach ba é Keane a bhuaigh an cluiche nuair a rinne sé scrios ar Marc Overmars, scrios a thaispeán do na hÍsiltírigh nach mbuafaidís tada bog i mBleá Cliath. Nuair a d'aimsigh McAteer a chúl, cá ndéacaigh sé? Chun Roy Keane, croí agus anam na foirne.

Ba cheart do Mick McCarthy tuiscint gurbh é sásamh Roy Keane a chéad cloch ar a phaidrín. Ba chuma an costas, caithfear Roy a choimead sásta. Theip ar sin, agus bhris gach rud eile as sin amach.

Theip ar Keane freisin. Níor thuig Keane - nó níor bhac leis - go bhfuil dualgas ar bhall foirne glacadh le cad atá ar súil leis an bhfoireann go léir. Níl air aonú leis, agus tá go deimhin air glacadh leis. Tá an duallgas sin níos láidre arís nuair atá an ball foirne ina chaptaen. Níor thuig - nó arís, níor bhac - Roy Keane go raibh an fhoireann níos tábhachtaí ná a shásamh féin, agus is smál go deo ar a shaothar peile é.

Tá eachtraí Saipan spéisiúil ó thaobh meoin na nGael mar ba é Roy Keane ar duine de na gcéad laochra Gael nár shíl go raibh an dara áit ceart go leor, go raibh an craic níos tábhachtaí ná an bua, gurbh chóir bheith i gcónaí ag gabháil leithscéal go bhfuil bacach Gaelach anseo leis na h-uaisle.

Bhí an Tíogar Ceilteach faoi lánsheol nuair a tharla Saipan, agus thug Roy Keane ceannaireacht duinn ins na blianta roimh Saipan conas a dul fúinn i measc na h-uaisle. Thaispeán Roy Keane go raibh Gael gach cuid chomh maith le aon duine eile, agus ní chóir do Ghael fanacht taobh thiar an dorais as seo amach.

Feictear oidhreacht Keane i bhfoirne rugbaí na hÉireann anois, idir na cúigí agus an fhoireann náisiúnta féin. Dúirt Ronan O'Gara agus Brian O'Driscoll beirt go minic ar an meas atá acu ar Roy Keane. Bhuail Roy Keane slí cróga nua amach agus lean na sluaite ina dhiaidh.

Scríobh Malachy Clerkin "if there’s a lasting legacy from Saipan that exists away from the barstool and the broken dreams, it’s that the FAI is inarguably a more serious outfit now than it was then" - má tá oidhreacht mharthanach ó Shaipan, amach ó thithe tábhairne agus brionglóidí briste, is ea go bhfuil an FAI gan amhras níos dáiríre ná mar a bhíodar ansin. Gan amhras? Tógfaidh an Spailpín an ceann sin le gráinnín salainn.

Seacht mbliana tar éis Saipan, bhí seans ag an FAI bualadh marfach a bhuail ar an ndallamullóg, nuair a chuir Thierry Henry a lámh ar an liathróid. Cad a rinne siad? Ar chuir siad dlí nua os comhair FIFA a chuirfeadh stop ar an ndallamullóg, a chuireadh éiric nua ina aghaidh, a thógadh gaiscíocht ar ais sa sacar?

Níor chuir. D'iarradar ar Sepp Blatter Poblacht na hÉireann a dhéanamh mar an 33ú fhoireann ag an gCorn Domhanda, agus chuireadh náire ar an náisiúin nuair a bhris Blatter ag gáire ag caint faoi. 33ú fhoireann. Ní dhéanfadh Blatter gáire in aghaidh Roy Keane - sin í an dífríocht.