Tuesday, September 03, 2013

Brian Cowen - An Fear Gan Aithne Air

Theip ar Brian Cowen mar Thaoiseach go h-uile is go h-iomlán. Is léir sin do chách. Ach an rud nach léir d'éinne ná cén fáth gur theip air chomh dóna sin? Cén fáth nach bhfuil cara dá laghad ann a sheasfaidh leis anois? Cén fáth nach bhfuil aon duine ann a rachaidh ina chosaint?

Tá an t-Iar-Thaoiseach sa nuacht arís agus agallamh leis chun chraoladh i gceann dhá lá. Tháinig scéalta ón agallamh - ar Chomhrá, ar TG4 - amach sa meáin an seachtain seo caite. Ní dúirt sé go raibh brón air, a thuairiscíodh. Cén fáth nach bhfuil brón air?

Ní raibh suim ag éinne sa méid a dúirt sé - ag fánacht ar an dólás amháin a bhí na meáin. Ní raibh spéis dá laghad acu le cad a bhí le rá ag Cowen, agus ní raibh ó 2008 nuair a tharla an tubáiste.

A leitheoir dhílis, an bhfuil fios agat cad é an rud is spéisiúla domsa maidir le filleadh gairid Brian Cowen sa saol pobail? Go ndearna sé as Gaeilge é.

Cén fáth Comhrá ar TG4? Is é Brian Cowen atá i gceist - dá gcuirfeadh sé glaoch gutháin ar eagarthóir ar bith in Éirinn beidh an príomh-leathanach aige agus gach leathanach istigh mar ba mhaith leis. Brian Cowen ab ea an chéad aoi ar an Late Late Show le Ryan Tubridy - nach síleann tú go mbeadh an dara fáilte ag Tubs dó? Cad faoi Marian, máthair faoistine na bpolaiteoirí le sách fada an lá? Cad faoi Pat Kenny, agus a chlár nua ar Newstalk?

Ach níor bhac Cowen le éinne acu. Shuigh sé síos le Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha, fear atá chomh fada le galántacht Bhleá Cliath 4 mar ab fhéidir a shamháil.

Is dócha go bhfuil an tuairim amach go raibh fíos ag Cowen go ngeobhadh sé agallamh níos boige ná mar a gheobhach sé ó Marian nó Pat Kenny. B'fhéidir. Ach rinne Tubs iarracht a thaispeáint go raibh carraigeacha aige san agallamh úd sin ar an Late Late ach níor bhuail Tubs sonc dá laghad ar Cowen. Is é Brian Cowen an fear a rinne agallamh ar Morning Ireland agus póit damnaithe air - má tá peacaí air, níl faitíos roimh an micreafón ina measc.

Tá go leor rún ann maidir leis an Taoiseach is míchlúití riamh. Cén fáth gur theip air chomh dona? Cén fáth go raibh sé chomh soineanta maidir le cúrsaí polaitiúla, ina bhfuil an blás níos tábhachtaí ná an briathar, mar a bhí sé? Cén fáth gur chaill sé a ghuth nuair a cheapadh ina Thaoiseach é? Bhí clú ar Brian Cowen roimh a cheannaireacht gurb é ceann de na polaiteoirí is cliste sa nDáil, go raibh meas ag an lucht polaitiúla air mar pholaiteoir agus mar fhear smaointe. Cén fáth ansin go bhfuil an tuairim amach go docht daingean anois gurb amadán an bhaile é?

Cén fáth, cén fáth, cén fáth. Tá scéal mór le insint, agus cinnte an leabhar polaitiúla na hÉireann is fearr le scríobh ag Brian Cowen, más mian leo. Ach tá sé damnaithe deacair a thuiscint cad is mian leis an Taoiseach rúnda seo.

Seachas rud amháin. Tá rud amháin cinnte faoi Cowen tríd is tríd, ón a chéad lá mar Taoiseach go dtí an lá a d'fhógraigh sé an toghchán ina bhain an pobal a ndíoltas amach air, go dtí an agallamh seo le Máirtín Tom Sheáinín a chraolfar i gceann dhá lá. Is fear tírghách go smíor é, agus meas sách laidir ar chultúr agus ar teanga na nGael.

Tá súil agam go scríobhfaidh sé an leabhair. Agus má scríobhfaidh, scríobhfaidh sé as Gaeilge é.